Iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána

Réamhrá

Nuair a éiríonn leat i dtástáil tiomána, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar do cheadúnas a athnuachan ar líne nó go pearsanta trí choinne a dhéanamh ag oifig NDLS.

The Road Safety Authority (RSA) has responsibility for driver licensing. The National Driver Licence Service (NDLS) manages licence applications and renewals.

Míníonn an leathanach seo conas iarratas a dhéanamh ar do cheadúnas tiomána tar éis duit pas a fháil i dtástáil tiomána.

Rialacha

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána má éirigh leat sa tástáil tiomána don chatagóir feithicle sin le 2 bhliain anuas. Má tá do Dheimhniú Inniúlachta (an doiciméad a chruthaíonn gur éirigh leat sa tástáil tiomána) níos mó ná 2 bhliain d’aois, beidh ort an tástáil tiomána a dhéanamh arís.

Ceanglaítear ort do cheadúnas tiomána a iompar leat i gcónaí agus tú ag tiomáint.

Cad is brí le ghnáthchónaí?

D’fhonn iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána, ní mór gnáthchónaí a bheith ort in Éirinn. Meastar go bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn má bhíonn cónaí ort anseo go hiondúil ar feadh 185 lá i ngach bliain féilire ar a laghad mar gheall ar cheangal pearsanta agus ceirde.

Is féidir le hiarrthóirí tearmainn a dteastas cónaithe sealadach a úsáid mar chruthúnas ar ghnáthchónaí in Éirinn agus iarratas á dhéanamh acu ar cheadúnas tiomána nó ar cheadúnas foghlaimeora.

Catagóirí feithiclí

Roinntear mótarfheithiclí i gcatagóirí éagsúla chun críocha ceadúnaithe tiománaithe. Nuair a éiríonn leat i dtástáil tiomána, déanann tú iarratas ar cheadúnas tiomána do chatagóir áirithe feithicle. D’fhéadfadh go gceadódh do chineál ceadúnais tiomána duit cineálacha áirithe feithiclí eile a thiomáint. Is féidir leat tuilleadh a léamh ar ár leathanach faoi chatagóirí feithiclí agus aois íosta tiománaithe.

Conas iarratas a dhéanamh

Tá 2 shlí inar féidir leat iarratas a dhéanamh ar do cheadúnas tiomána.

  1. Is féidir iarratas a dhéanamh chun do cheadúnas tiomána a athnuachan ar líne ag NDLS.ie
  2. I láthair go pearsanta trí choinne a chur in áirithe ag ionad NDLS.

Déan iarratas ar líne

Is féidir iarratas a dhéanamh chun do cheadúnas tiomána a athnuachan ar líne má tá

*Má tá do ghrianghraf CSP níos mó ná 10 mbliana d’aois, caithfidh tú é a athnuachan ar MyWelfare ar dtús trí MyGovID fíoraithe a úsáid. Ansin déan iarratas ar líne ag ndls.ie ar do cheadúnas tiomána.

Má dhéanann tú iarratas ar líne, ní gá duit do Dheimhniú Inniúlachta a sholáthar (an doiciméad a chruthaíonn gur éirigh leat sa tástáil tiomána).

Léigh tuilleadh faoin bpróiseas iarratais ar líne ar shuíomh gréasáin an NDLS.

Iarratas aghaidh ar aghaidh a dhéanamh

Mura féidir leat do cheadúnas a athnuachan ar líne, beidh ort iarratas a dhéanamh in ionad de chuid na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána agus tú i láthair go pearsanta. Caithfidh tú coinne a chur in áirithe chun freastal ar ionad de chuid na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána.

Ní mór duit na doiciméid seo a leanas a thabhairt leat agus do cheadúnas tiomána á athnuachan agat:

  • Aitheantas Cuí,
  • Doiciméid tacaíochta, agus
  • Application fee of €65 (unless you are 70 or over)

Mura dteastaíonn uait d’iarratas a dhéanamh i nGaeilge, ní gá duit foirm iarratais a chur isteach a thuilleadh. Caithfidh tú d’aitheantas a chruthú, áfach. Gabhfar do ghrianghraf agus do shíniú san ionad NDLS.

Aitheantas

I bhformhór na gcásanna, úsáidtear Cárta Seirbhíse Poiblí (CSP) chun do shonraí a fhíorú chun d’iarratas a phróiseáil.

Mura bhfuil CSP agat, beidh ort na 4 phíosa fianaise dhoiciméadach seo a leanas a chur isteach:

  1. Aitheantas Fótagrafach
  2. Cruthúnas ar sheoladh baile,
  3. Cruthúnas ar d’uimhir PSP
  4. Fianaise ar do ghnátháit chónaithe

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi na cineálacha doiciméad a nglacfaidh an NDLS leo mar fhianaise maidir le gach ceann de na critéir seo ina gcuid nótaí treorach (pdf).

Doiciméid tacaíochta

Ina theannta sin, chun tacú le d'iarratas, beidh ort seo a leanas a chur isteach:

  • Do cheadúnas tiomána reatha nó is déanaí nó
  • Ceadúnas tiomána reatha, má tá tú ag cur catagóir le do cheadúnas tiomána nó ag déanamh iarratais ar cheadúnas eachtrach a mhalartú

Ag brath ar an gcineál iarratais, d’fhéadfadh go mbeadh na nithe seo a leanas ag teastáil uait chomh maith:

Foirm tuairisce liachta

Beidh Foirm Thuairisce Liachta um Cheadúnas Tiomána ag teastáil uait má tá iarratas á dhéanamh agat ar chatagóirí ceadúnais tiomána C, C1, D, D1, CE, C1E, DE nó D1E (busanna agus trucailí), ach amháin má chuir tú tuairisc liachta ar fáil roimhe seo atá fós infheidhmithe.

Beidh Foirm Thuairisce Liachta um Cheadúnas Tiomána uait má tá iarratas á dhéanamh agat ar chatagóirí ceadúnais tiomána AM, A1, A2, A, B, BE nó W (gluaisrothair, gluaisteáin agus feithiclí oibre) má tá míchumas nó riocht ar leith ort (féach an fhoirm iarratais).

If you have certain medical conditions, you’ll need to get a Driving Licence Medical Report Form.

Má tá tú 75 bliain d’aois nó níos sine, beidh deimhniú oiriúnachta chun tiomáint ó do dhochtúir ag teastáil uait chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas 3 bliana/ 1 bhliain. Is féidir an treoir maidir le dea-shláinte chun tiomáint (pdf) a léamh.

You can download the medical report form (pdf) (it must be printed back to back on one page). You can also get a copy of the form from your local NDLS centre.

Where a Medical Report Form is needed, a registered medical practitioner should complete your medical examination and then complete the form. You must sign the declaration on the medical report form in the presence of the registered medical practitioner. You must send it within 1 month of the medical examination.

Foirm thuairisce ar radharc na súl

Go ginearálta, tuairisceofar aon saincheisteanna radharc na súl san Fhoirm Thuairisce Leighis um Cheadúnas Tiomána.

É sin ráite, beidh Foirm Thuairisce ar Radharc Súl um Cheadúnais Tiomána ag teastáil uait mura bhfuil spéaclaí nó lionsaí tadhaill ag teastáil uait a thuilleadh chun tiomáint (mar shampla, má bhí máinliacht súl léasair ort).

Is féidir an fhoirm thuairisce radharc na súl (pdf) a íoslódáil (ní mór leathanach 1 & 2 a phriontáil cúl le cúl ar aon leathanach amháin).

Treoirlínte folláine leighis agus bileoga eolais sláinte

You can get medical fitness guidelines and, forms on the NDLS website. There are also health and driving information leaflets. The leaflets have information to help drivers with medical and other conditions. More information is available on the RSA website.

Cá fhad a bhíonn ceadúnas tiomána bailí?

Tréimhse an Cheadúnais Tiomána Catagóirí Ceadúnais
10 mbliana Grúpa 1 - Gluaisrothair, Gluaisteáin agus Tarracóirí
5 bliana Grúpa 2 - Busanna, Trucailí agus Feithiclí Altacha

 

Aois Téarma an Cheadúnais
Faoi 65 bliain Maximum* 10 year licence - Cars and Motorcycles or <br/> Maximum* 5 year licence - Trucks and Buses
65-71 bliain Ceadúnas a éagfaidh ag deireadh an lae roimh do bhreithlá 75 bliain, ar a dhéanaí. Tabhair faoi deara le do thoil, áfach, go mairfidh aon chatagóirí ghrúpa 2 (trucailí agus busanna) ar feadh fad uasta cúig bliana a d’fhéadfadh éag sula mbaineann an tiománaí 75 bliain d’aois amach.
72-74 bliain Ceadúnas 3 bliana
75 bliain nó níos sine Ceadúnas 3 bliana nó ceadúnas 1 bhliain (faoi réir deimhniúchán inniúlachta tiomána a eisíonn do dhochtúir)

 

10-year driving licence €65
5-year bus or truck driving licence €65
€65 €35
One-year driving licence (medical grounds) Free
Category added €35

 

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 18 Feabhra 2025